14.9.09

An Cogadh 3. An Rúise (Mí na Nollag 1917)

Bhí ríochta tréana thart fá gcuairt ar an nGearmáineach agus níorbh ionadh go ndéanfadh sé é féin a chosaint orthu, agus cé thóigfeadh air a ghárda a chur suas. Is mairg don té a d'ionnsaigh é gan a bheith fá réir. Thug sé iarranta móra don Rúiseach a scoilt ó bhun go barr é. Shíl seisean go raibh sé i ndon an tréan-tuargan a fhuilinnt ach tá a dhóthain mór don troid faighte cheana aige, agus tá sé ag tabhairt a aghaidh anois ar a chréachta féin a leigheas. Tá dream sa Rúise fá láthair a shíleas gur fearr an síothchán ná gach ní, gur ceart saibhreas agus ollmhaitheas na tíre a roinnt cothrom ar na daoine, agus an talamh a bhí ag na boic mhóra go dtí seo a roinnt amach cothrom ar lucht a shaothraithe. Tá an dream sin i gceannas sa tír fá láthair, agus is dócha go bhféacha siad le n-a ngealltanas a chomhlíonadh má fhéadann siad é. Ba mhillteach an iarraidh don tSasanach dá ndéanadh an Rúiseach síothchán leis an nGearmáin mar d'fhágfadh sin impireacht Shasana ina dhá leith scoilte 7 féachfa an Sasanach le cosc a chur leis an síothchán más féidir. Is fada an tír sin na Rúise ina múirtheacht agus ina conair chean ach ní héadáil rud ar bith mur dtéidh muintir na tíre iad féin i n-éadan a chéile. Má théann, tá siad réidh.
Ach téidís ag troid nó ná téadh, tá faitíos orainn nach bhfágfar suaimhneas i bhfad ag an Rúiseach. Tá sé is na nuachta go bhfuil an tSeapáin ag brath a theacht isteach sa gcogadh dáiríre, go dtug na Náisiúin Gheala cead a cinn di sa tSín, sin mar dhóigh dhe go bhfuair sí cead a reaise sa tSín ó na náisiúin atá i gconradh in aghaidh na Gearmáine, as ucht a cúnamh a fháil dóibh sa gcogadh. Tá sé i gceist go raibh sí ag margaíocht mar sin cheana le Sasana le sciorta den Austraelleá a fháil ach nach raibh muintir na tíre sin fabhrach. Má théann an tSeapáin isteach sa gcogadh, cuirfidh sí an Rúise isteach arís ar an taobh eile. Bhí sin féin "abartha" go ndéanfadh cuid de na náisiúin athrú ó thaobh go dtí an taobh eile le linn an cogadh mór a bheith ar siúl.

An Cogadh 2. Tús Foghlama (Mí na Nollag 1917)

An té bhíos ag éirí sa saol is deacair a chur síos. Níor tháinig an Gearmáineach i gceist i measc náisiún an domhain go dtí le leithchéad bliain ach tháinig sé i gceist go maith ó shin. Bhain sé an t-uabhar as ríochta móra agus chuir sé scanradh ar thuilleadh acu. Thug sé craobh na foghlama leis ón domhan go léir agus cheap sé gléas agus inneall le intleacht agus meabhair a chinn a rinne leas agus soilíos do shíol Ádhaimh ar fad. Ní i ngan-fhios dó féin a fuair sé buntáiste ar bith nó ollmhaitheas dá bhfuil aige. Is cruaidhe a shaothraigh sé é le allas a chnámh, nó le dúthracht a chuid oibre, nó leis an intleacht agus na tréartha maithe eile a gheall Dia dhó. Ná tréartha a fuair sé níor chuir sé i bhfalach iad agus chuadar i dtairbhe dhó. Rud a fháigheas duine ar an gcuma sin, is doiligh a bhaint de, 7 níl aon deifir ar an nGearmáineach sgaradh le rud ar bith dhá bhfuil aige. Bíonn seadh ag ríocht mar bhíos ag duine. Níl an Gearmáineach ina sheadh fós ach ar éigin, agus an té adeir go bhfuil a sheadh tugtha aige tá sé ag dul amú agus ag cur daoine eile amú freisin ach chaoi nár chóir dhó. Tá trí oiread daoine fána stiúradh ag Ard-Rí na Gearmáine is bhí dhá bhliain déag agus dhá fhichead ó shin ag a athair mór. Deir siad go mbíonn a chosúlacht ann, agus ní cosúlacht é sin go bhfuil an Gearmáineach ag dul chun deiridh.

3.7.09

An Cogadh 1. (Mí na Nollag 1917)

Is iomaí socrú a bhí ar an gcogadh seo trí bliana agus ráithe ó shin ag daoine aineolacha a cheap gur lucht feasa a bhí iontu féin. B'áil leis an Sasanach críoch a chur leis ar a bhealach féin agus is iomaí targaireacht a rinne a cheannphort agus a uachtaráin don deireadh a bheadh leis, ach ní go leor acu a tháinig isteach. Shíl cuid acu nach seasfadh sé thar ráithe agus thug tuilleadh acu bliain dó. Bhí fhios ag an gcuid ba mheabhraí de na Sasanaigh féin go seasfadh sé achar is faide ná sin ach d'abraídís go raibh an Gearmáineach i ngreim i dteanachair ag a náimhde agus nach bhfaigheadh sé marú fáiscthe. Chuaigh an teanachair as ordú ó shin agus tá a leath briste agus tá an leath eile stromptha agus baol anois ar an iomlán go dtuitfidh sé ó chéile. Ach tá an Gearmáineach ar a chosa fós, agus níl aon chosúlacht air go bhfuil sé cloíte. Adeireadh tuilleadh den lucht feasa go ndéanfadh an Gearmáineach troid thréan go maith ar feadh tamaill gheairr ach nach raibh aige ach rith searraigh, go mbeadh a chuid fear ídithe gan aon achar agus go gcaithfeadh sé géilleadh.

30.6.09

Údar an Chogaidh 4. Iomadh agus Éad (Meitheamh, 1918)

Ceapann daoine gurb é a d'údraigh an cogadh go raibh na Gearmáineach ag éirí ró-láidir le gach uile shórt déantus agus acmhainn, nach raibh trácht ar bith ag fanacht ar Shasana, go raibh faitíos ar an Sasanach go scoithfeadh a chomharsa é agus go dtairneodh sé an trácht uilig air féin agus gurb aige a bheadh an ceannas. Ansin bhí dúil aige an Gearmáineach a chur ó rath an fhad is bhí sé in ann. Tá sé de cháil air gurb in gnás atá aige chuile dhream a bhíos ag éirí sa saol a chur síos. Mur mbí aon leiscéal aige tá sé in ann ceann a chumadh. Deir tuilleadh gurb é an fáth a bhí leis go raibh barr binne daoine sa nGearmáin agus go mba mhaith leo áit a dhéanamh dhóibh féin le dul thar tórainn. Deir siad féin nach aribh uathu ach a dtír a chosaint. Creideann cuid de na daoine gurb é Cogadh an dá Ghall é, "an cogadh a raibh sé geallta an saol a bhriseadh as."

29.6.09

Údar an Chogaidh 2. A Údar (Meitheamh, 1918)

Deir daoine gurb ér'd ba ciontsiocair leis an gcogadh: tánaiste (nó ábhar) rí na hAustria agus a bhean a maraíodh lá Fhéile Peadair is Póil - ceithre bliana go ham seo. An mhuintir a mharaigh é - muintir na Serbia, mharaíodar a rí féin, a bhanríon agus a dhaoine istigh ina bpálás de shiúl oíche, dhá bhliain déag shul dár thosaigh an cogadh seo. Sé an fáth ar chuireadar un báis a rí: bean den tír a bheith ina banríon aige agus go raibh an iomarca comhairle aici ar an tír. Bean a bhí inti a bhí ar mhaithe le n-a tír féin agus ní ligfeadh sí don rí géilleadh do chomhairleoirí na Rúise ná a thír a chur i gcogadh leis an Austria, siod í atá i bpáirt leis an nGearmáin anois. Deir tuilleadh gurb iad náisiúin bheaga na hEorpa, an tSerbia mhaiseach chéanna agus a comharsana, a chuaidh ag achrann leis an Tuircéis agus le chéile sé bliana ó shin - gurb iad a rinne an t-imreas a chadó, gur chuireadar an saol ar forbhás, go n-ionnsódh na ríochta móra a chéile freisin san am céanna ach nach baileach a bhíodar faoi réir. Bhí na ríochta beaga céanna sin nimheanta, madrúil go maith agus an-fhonn troda orthu. B'fhéidir nach beag leo anois a bhfuil faighte acu den troid.

24.6.09

Údar an Chogaidh 1. An Cogadh (Meitheamh, 1918)

Léanscrios air mar chogadh, is fada ar bun é. Tá sé thar am aige scor dhá mba ar ball a thosódh sé. Thosaigh sé gan mórán ábhair. Ní raibh fhios ag na daoine ar éigin an raibh ábhar ar bith leis go raibh sé ar siúl. An mhuintir a thosaigh é is dócha go raibh fhios acu féin god-é an t-ábhar a bhí leis. Ní raibh meabhair ar bith againne air gur thosaigh sé ag teannadh linn féin. Tá gach aon taobh ag leagan an mhilleáin ar an taobh eile. Ní chluinfeamuidne den scéal anois agus ní léighfeamaid ach innsean an tSasannaigh, agus ar ndóigh bhí seisean i gcónaí ar an taobh ceart, agus an duine nó an dream a bhí ina aghaidh bhí sé i n-aghaidh an chirt mar ba é féin an ceart agus is aige a bhí sé. Alpaire é an Sasanach agus is maith leis chuile shórt maitheasa a alpadh chuige féin. Is maith leis an Chríostaíocht ar fad a alpadh chuige féin freisin, agus ní bheidh aon Chríostaíocht ag imeacht ach an méid a bhéas aige féin agus a pháirtithe. Duine ar bith atá ina aghaidh, dá bhrí sin, tá sé in aghaidh na Críostaíochta.

23.6.09

An Fuadach (1927)

An Fuadach

I nGaillimh bhí'n sgéal seo. Ní raibh an Dug Nua déanta an uair sin.

Bhíodh soitheach seoil fad' ó ceangailte le taobh an bhalla insa sean-dug ba goire do Chnoc an Sgonnsa, soitheach breagh seoil trí chrann, agus bhí tighthe beaga go leór déanta insan áit, soir le taobh Chnuic an Sgonnsa. Agus bhí siopaí beaga ar chuid acu agus bhí lánamhain annsin i dteach acu nach raibh aon chúram orthu ach iad féin. Do bhí siopa deas acu a' díol ubhla, oráisdí agus chuile shórt eile den tsórt sin.

Bhí bean an tighe agus ní raibh sé le fághail aon bhean ba slachtmhaire ná ba bhreághdha ná í. Agus bhí fear an tighe do bhí an-aois aige, agus do bhíodh siad a' díol cuid de na hubhla agus de na horáisdí le caiptín an tsoithigh. Nuair do theastaigheadh aon cheo ó fhuirinn an tsoithigh d'innsigheadh siad é don chaiptín. Do ghabhadh an caiptín anonn ag an mbean bhreágh seo agus d'ordaigheadh sé anonn ag an soitheach an méid a bhíodh a' teastáil.

Agus annsin nuair a bhí 'n soitheach falamh agus an locht amuigh is í réidh le dul 'un seoil, do thug sé cuireadh dinnéir don bhean seo agus dá fear a thigheacht ar bord ag an trí a chlog an trathnóna sin, insan am do bhí ceaptha dhóibh. Nuair a bhí an t-am caithte agus an dinnéar thart, dubhairt an sean-fhear go raibh sé in' am a dhul abhaile. Nuair a fuair an caiptín thíos iad ag an mbord ag ithe a ndinnéir do ghabh sé amach agus do thug sé ordú don mháta an soitheach a chur un seoil agus do ghabh sé isteach é féin arís, thar éis an ordú sin a thabhairt uaidh. Do thug an máta ordú do na máirnéalaigh a dhul agus na slata seoil agus na seolta a sgaoileadh anuas agus do rinne siad sin, agus cuireadh an soitheach un seoil. Annsin nuair a d'éirigh an sean-fhear seo ina sheasamh é féin agus a bhean le dul abhaile, cé bhfaigheadh siad iad féin ach ar bhord soithigh i lár na fairrge móire, taobh muigh de na hÁrainneacha freisin.

Annsin, nuair a chonnaic siad an áit a raibh siad, sganraigh siad agus níor fhan focal acu. Sé feara déag badh-eadh fuireann an tsoithigh. Thug an caiptín ordú dhóibh an sean-fhear seo a chaitheamh thar bord. Bhí aon Éireannach amháin mar mháirnéalach ar an soitheach agus dubhairt sé cé'n fáth a bhí le é sin a dhéanamh? Nuair adubhairt an t-Éireannach an focal sin d'imthigh an caiptín agus do labhair an máta agus dubhairt sé a chomhairle féin a dhéanamh: "Ní bháthfamaid é", adubhairt sé, "ach tá fhios agamsa an áit a bhfuil oileán agus cuirfeamaid amach ar an oileán sin an sean-fhear."

5.6.09

Buidheach (1920)

Bhí Ó Luirc agus a mhuintir a' seoladh ina mbád thart ar chóstaí Chonndae Mhuigh Eo.  B'éigean dóibh cur i dtír le gairbhshion i n-Innis Tuirc.  Tharrainn siad ar theach Thaidhg.  

Mharbhuigheadh Tadhg caora dhóibh gach lá a chaitheadar ar an oileán & thug sé giollacht mhaith thairis sin dóibh.  Ní raibh aon im acu agus saghas eile a dtugaidís buidheach air a rinneadar féin i leabaidh ime.

Casadh Tadhg arís i mBéal an Átha.  Tháinig sé ag geata Chaisleáin Uí Luirc agus chuir sé sgéal isteach go raibh sé ann.  Bhí daoine uaisle ar dinnéar istigh.  Níor chuimhnigh Ó Luirc go raibh aon aithne aige air.  Chuir  Tadhg an cheathramha seo chuige isteach:-

"Is maith gach duine ina thír féin,
I bhfad ón ngréin is maith é an buidheach,
Os an Muaidh is maith Ó Luirc,
Agus i n-Innis Tuirc is maith Tadhg."

Thug Ó Luirc isteach é agus bhí fleadh agus féasta aige go maidin dó.

4.6.09

Fógra (1926)

Teach Aíochta
Uí Mhongáin
Carna
Áit teachtmhar le haghaidh laethanta saoire.  Tá cóngar seoltóireachta, bádóireachta 7 snámha ann.  Iascaireacht locha agus farraige ann.  Tá togha Gaeilge ag 'chuile dhuine sa teach.

28.5.09

Báid Chonamara (per Bád Seilistrin 1959): 1. Tagairt do bháid eile

Do réir mar chluininn, is é an déanamh a bhíodh ar bháid mhóra Chonamara an déanamh báid ba coitianta ar fud chóstaí na hÉireann roimhe seo. Measaim nach bhfuil aon bháid den tsórt sin gá ndéanamh in aon áit anois ach i gConamara; creidim gur fada ó ó rinneadh aon cheann acu, beag ná mór, i gConamara féin.


Bhí déanamh eile báid ann nach bhfuil cuimhne ar bith anois air. Is cosúil gur báid thanaí leathana a bhí sna báid don déanamh sin, báid d’fheil go maith thart sna cuanta le bheith ag athrú feamainne thart le cladach.


Bhí cuid de na báid mhóra níos mó ná mar adeir “Leath-Bhádóir”. Bhí cuid acu in ann chúig thonna fichead de lucht a thabhairt leo. Measaim go raibh bád a rinneadh sa mbliain 1890 do Pháraic Ó Catháin, Peaitsín Mhicil Thaidhg, sa gCillín – an Cheathrú Rua – i ndon cuid mhaith den méid sin a thabhairt léi.


Ar na báid ba mhó acu bhí an Fág a’ Bealach, a rinneadh do Tomaí Réamoinn – Tomás ‘ac Dhonnachadha – Bád Mhoinice a rinneadh dá dhreithiúr, Moinice, agus bád Ghreen, a rinneadh do Cholm Ó hUaithnín, athair Pheadair Uí Uaithnín atá anois ina Árd-Mhaor ar Ghaillimh.


......................................


Bhí go leor Bád Mór eile ann a raibh cáil mhór orthu le siúl. Bhí ceann ag Máirtín Ó Loideáin i gCarna a raibh sé ráite fúithi go mba í ba goire do Bhád a’ Chathasaigh. Dóghadh i gCrompán Chárna í. Bhí bád eile a bhí thar cionn a dtugtaí “an Giúistís” agus “an Giúistís Mór” uirthi; do ghiúistís a rinneadh í. Measaim gur siar ó Chaorán Mhuighrois a rinneadh “an Trínseach.”


Bhí bád scathamh ar an gCeathrú Rua ag Seán Ó Catháin, go ndéana Dia trócaire air. “Bád Mhuighinse” agus “Bád na bhFigheadóirí” a tugtaí uirthi. Bhí siúl aici lá den tsaol.


Tá ré na mBád Mór caite. Ní déanfar aon cheann eile acu go deo aríst.


Bhí gleoiteogaí agus púcáin ann freisin a raibh an-cháil orthu le siúl. Le blianta fada, is iad is mó a bhíodh ag rith geallta. Ní mórán acu atá ann anois le bheith ag rith. Na blianta deireannacha seo is í Gleoiteog na Seoigheach as Inis Bearachain is mó cáil de na Gleoiteogaí. Ba mhór an áilleacht lá geallta í. Bhí sí i ndon chuig báid a dhá méid agus tuille.


25.5.09

Báid Chonamara (per Bád Seilistrin 1959): 5. Bád Sheáin Antaine

Más maith leat cuntas ceart a fháil ar gheallta bád, léigh leat an cuntas ar gheallta atá i gCladaigh Chonamara ó láimh Shéamais Mic Con Iomaire.  Cuntas é cho maith is atá le fáil, cho fada is is eol dom agus chuir mé spéis i gcuntais den tsórt sin sa mBéarla.  Ritheadh an geall atá i gceist ag Séamas.  Bád Sheáin Antoine a bhuach an geall.  Lá trom a bhí ann agus shílfeá nach ligfeadh faitchíos dóibh rith.


In aon-turas le haghaidh geallta a rinneadh Púcán Sheáin Antoine.  Seán Mac Conghaile (Connaola) ba hainm agus sloinneadh dhó.  Ar an Meall Rua i Muighinis a chónaigh sé.  Nuair a chuaigh Máirtín Ó Cathasaigh ag déanamh an bháid do d’fhiarfaigh sé de Sheán cén sórt bád a bhí uaidh.  “Bád Geallta” arsa Seán.  “Ná habair focal eile anois,” adúirt Máirtín Ó Cathasaigh.  Rinneadh an bád ar naoi dtroighthe déag de chílle:  rinneadh agus bád álainn; rinneadh agus bád luath.  Thug Seán Antoine aire dá bhád, aire na gloine.  Dhíol sé í tar éis roinnt blianta ach ní raibh aon tsuaimhneas aige gur cheannaigh sé ar ais í go mór níos daoire.  Deiread sé nach bhfuair sé a shláinte ó scar sé léithi go bhfuair sé ar ais í.  Ní raibh mórán bád ina méid i ndon chuici.  Bhí sé ráite go raibh Púcán eile ann a dtugtaí Púcán na nGrianach air ab fhearr ná í ach níor lucht geallta an dream a raibh sí acu.  Ach ba deacair Bád Sheáin Antoine a shárú.


Bhí sí lá ag rith geill ó Chloch na Rón le báid eile dá samhail.  Buaileadh í, má buaileadh.  Is éard a bhí an dream a bhí inti a rá go raibh na báid eile buailte aici síos an Cuan nuair a tháinig múr ar athraigh gaoth lena linn agus go raibh sise leis an méid a bhí sí gnóiteach go dtí sin.  Bhí sárú mór faoin ngeall sin.


Sa deireadh, dúirt Seán Ó Lochlainn as an gCaiseal go gcaithfí an scéal a shocrú idir í féin agus bád as Ceantar an Chaisil a raibh muintir an Chaisil a sheasamh nach raibh aon ghoir ag bád Muighinse uirthi.  D’íoc Seán Ó Lochlainn as an duais.


Anuas ón gCaiseal, thar Chuan na Beirtrighe Buidhe a rithfí an geall.  Tháinig an lá.  Tháinig sé trom.  Tháinig sé fíor-throm.  Bhí daoine cinnte nach ligfeadh faitíos do Sheán Antoine corraí as an gcaladh.  Ach an té a bhí ag faire, agus b’iomú sin duine é, chonaic sé chuige aníos ag nochtadh thar dhroim Ceann Mása agus na gcorainneacha eile barr an tseoil.  Is gearr go raibh Seán Antoine i láthair.


Sheol an dá bhád síos an cuan agus é ina dheatach agus ina fheochann.  Is é adeir an dream a bhí ann go raibh Bád Sheáin Antoine timpeall thuas ag an gCaiseal aríst leis an dara cuid den gheall a rith sula raibh an púcán eile tagtha timpeall ar an marc sa gceann eile den chuan ó dheas.


“Is leat an geall,” adúirt Seán Ó Lochlainn leis, “níl call ann go ngabhfá níos faide.”


Measann daoine go mbeadh sí buailte, agus buailte cinnte, an lá mór a rith sí le “Bád an Bhádóra” as Cloch na Rón dá mbeadh iomlán foirne an Bhádóra cho maith le foireann Bhád Sheáin Antoine.  Ligeadh “an Bádóir” ro-fhada chun farraige roimh Sheán Antoine os cionn Charraig Mánus.  Bhí sí ag teacht i mBád Sheáin Antaine gan aimhreas siar os cionn Chrua na Cora go Crua na Caoile.  Bhí sí suas léi ag Cloch na Rón.  Ach b’ait an bád Bád Sheáin Antoine. Cluinim gur i gCiarraí agus inneall inti a bhí tuairisc go deiridh uirthi.


Cé go mbuailfeadh, agus gur bhuail, Gleoiteog Inis Bearachain í, agus gurb é Máirtín Ó Cathasaigh a rinne an dá bhád, níor mhaith leis go mbuailfeadh sí Bád Sheáin Antoine.


Báid Chonamara (per Bád Seilistrin 1959): 4. Bád Mhongán

Ás geall, le haghaidh gill, a rinneadh bád dá ndearna Seán Ó Cathasaigh agus a bheirt chlainne, Máirtín agus Seán.  Bhí an-spéis san am i mbáid agus i ngeallta bád.  Bhí spéis mhór ag Seán Ó Lochlainn, as an gCaiseal i mbáid.  Ní lú ná sin an spéis a bhí ag Máirtín Ó Mongáin i gCarna i mbáid.  Casadh dá chéile iad lá agus thosaigh Ó Lochlainn ag déanamh gaisce faoi bhád a bhí ar an gCaiseal agus ag fonóid faoi Mhongán faoi nach raibh bád aige a bheadh inchuime léithi.  Casadh Mongán agus Seán Ó Cathasaigh dá chéile, Mongán go buartha.  “Bhfuil aon rath do shaor leat?” ar seisean (agus fios maith aige go raibh).  “Ceap mé go raibh mé cothrom,” arsa an Cathasach.


Socraigheadh go ndéanfaí an bád.  Bhí na geallta le bheith ann lá áirithe.  Scathamh roimh an lá sin chuaigh Mongán ag breathnú ar an mbád a bhí ghá dhéanamh.


“Cén bharail atá agad duit féin anois?” ar seisean leis an saor.


“Téirigh thusa lá ar bith anois go dtí Ó Lochlainn,” arsa an saor, “agus meall é le geall maith a chur leat.”  “Go maith,” adeir Mongán.


Is é an lá céanna ar sáthadh d’Aill na gColm í a chuaigh sí chun na ngeallta.  Ba bheag an ghoir a bhí ag aon bhád eile uirthi.


Chaith sí seachtain ag Peadar Ó Lochlainn as Condae an Chláir abhí ina Theachta Dála tráth, nó ag a athair, Éadbhárd Ó Lochlainn.  Dúradh le Peadar Ó Lochlainn lá go ndearnadh báid mhóra ab fhearr ná í.  “Ní dhearnadh aon Bhád Mór ariamh cho maith léithi,” ar seisean.

I bportach murlaigh, i Sligeach, a facthas, go deiridh, ina cruthán í, chuala mé.

Báid Chonamara (per Bád Seilistrin 1959): 3. Bád a' Chathasaigh

Ar an taobh thiar de Mhuighinis a rinneadh Bád a’ Chathasaigh.  Seán Ó Cathasaigh a rinne í.  Is é Máirtín Ó Laidhe a mhúin ceird dó.  Is é a rinne an tÓ Allmhúráin in éineacht le Mac Uí Laidhe.


De réir gach cuntais ba í sin an bád ba luaithe ar fad de na báid mhóra.  Níor bhád an-mhór í.  Nuair a bhí Seán Ó Cathasaigh ghá déanamh, bhí sé scathamh gan tada a dhéanamh léithi.  “Ní chríochnó tú an bád go deo, a Sheáin!” a dúradh leis.  “Dá dtéighinn a déanamh caisleáin ar Charraig Sceirde, chríochnóinn é,” ar seisean.


Dúradh le Máirtín Ó Laidhe go raibh pluic bheag is pluic mhór uirthi.  Chuaigh seisean ag breathnú uirthi agus dhearc go grinn í.  “Ní léar liom locht uirthi,” ar seisean.


Ní raibh cur síos leis an siúl a bhí aici.  Ní raibh goir ag Báid Mháirtín Uí Laidhe uirthi, ach nach gceadaigheadh Seán Ó Cathasaigh aon gheall a bheith ann.  Níor mhaith leis an té a mhúin ceird dó a bheith buailte.


Bhí tiarna talún de na Frionsa sa tír a raibh an bád seoil ab fhearr ag gabhail Cuan na Gaillimhe aige go dtáinig sí siúd.  Bhí an oiread den éad ann gur ionsaigh Bád an Fhrinsigh í ar an gCuan; tháinig a cuid fear ar bord le Bád an Chathasaigh a mhilleadh.  Bhí sé ina throid, ina ghearradh seolta is téadrachaí.  Thóig an saor a thál géar ina láimh agus is gearr go raibh foireann an Fhrinsigh curtha ó bhord aige.


Chuala mé nuair a bhíodh sí i nDug na Gaillimhe agus Báid Mhóra go leor eile ann agus a bhuaileadh siolla gaoithe na crainnte acu go dtosaigheadh sí ag bíogadh ionann is dá mbeadh sí ag réiteach chun siúil agus nach mbíodh cor ariamh as na báid eile.


Bhíodh báid Chonamara an uair sin ag gabhail go Luimneach.  Ise an t-aon bhád a bhí i ndon an tSionainn aníos a thornáil ina seol cinn (jib) agus a seol tosaigh.  Níor bhuail bád beag ná mór ariamh í.


Díoladh í.  Níor híocadh a luach ariamh.  An fear a fuair í, leig sé i dtír mhóir í le cion faillighe.


Nuair a cuala Seán Ó Cathasaigh í a bheith briste chuaigh sé ag breathnú féachaint a bhfuigheadh sé aon chuid di le chéile.  Dá bhfaghadh, dheasódh sé í.  Ní bhfuair sé ach a ball ansin roimhe.  Thug sé cúl leis an áit le uaigneas.  Dúirt sé go mb’ionann aige a fáil mar sin is dá mba corp carad é.  Níor mhaith leis mórán tráicht a dhéanamh uirthi ariamh le cumha ina diaidh.


Is iad na múnlaí a rinne sé faoi na comhair na múnlaí bunaidh a bhí aige do na báid mhóra eile a rinne sé.  Ní dhearna aon tsaor eile an oiread bád maith is rinne sé.


Bhí cúigear mac agus inghean amháin aige: Máirtín, Seán, Máire, (an tAthair) Colm, Páraic agus Iosef.  Bhí ceird agus togha na ceirde i láimh gach duine acu, dá mba í Máire féin í.  Chuala mé go mba é an tAthair Colm an té ab fhearr acu ag déanamh maide rámha.

Báid Chonamara (per Bád Seilistrin 1959): 2. An tÓ Allmhúráin

Nuair a bhínnse i gConamara fad ó, ag éarmaíocht i bhfogas urchar méaróige (bhí urchar cothrom méaróige agam) do Léim Mháirtín ‘ac Eoin, is iad na trí báid mhóra a ndéantaí comórtas leo an tÓ Conaill, an tÓ Allmhúráin agus Bád a’ Chathasaigh.  Saor as ceantar Cheann Gólaim, san áit a raibh scoth na saortha, scoth na bhfear agus plúr na mban, a rinne an tÓ Conaill, do réir mar is cuimhneach liom.  Tá fios a ainme agus a shloinneadh ar iarraidh orm anois.  Má bhí sí chó maith lena cáil, bhí sí go maith agus thar cionn.  Bhí sí scathamh den tsaol ag Brian Ó Laidhe a chónaigh trath in aice le Caladh Ghábháin, Cuan na hÁirde.


I nGaillimh d’fhear de mhuintir Allmhúráin a rinneadh an tÓ Allmhúráin.  Bhí ocht mbáid mhóra dhá ndéanamh le taobh a chéile ann agus bhí sise cho gar don teach a raibh Colm Ó Uaithnín ina dhiaidh sin, gur ar éigin ab fhéidir an craiceann a dhaingniú uirthi.


Ní raibh aon eolas ag Ó Allmhúráin ar dhéanamh bád cé go raibh longa agus báid aige, agus thosaigh saortha na mbád eile ag séideadh faoi go raibh a bhád le bheith millte.  Splanc sé agus thosaigh sé ag iththe is ag gearradh ar a bheirt saortha féin.  Chuaigh sé cho fada sin gur fhága fear acu é, an fear ba sine.  An saor eile bhí a fhios aige go mbeadh an bád thar cionn agus d’fhéach sé leis an gcéad-shaor a thabhairt ar ais lena críochnú.  Thug Ó Allmhúráin faoin bhfear óg agus thug sé eipinne ar é a strachailt anuas de stafall.  Bhí tál breá géar ariamh aige siúd agus, cé nach raibh teanga ina bhéal bhí gníomh gearradh sa tál.  Toiseadh an tál le Ó Allmhúráin agus creidim gur mhol sé dhó féin éirí as an strachailt.


Go luath ina dhiaidh sin, bhí fear as an taobh ó thuaidh d’Éirinn, ag dul an bealach agus chuaigh sé ag dearcadh na mbád.  Theigheadh sé go dtí gach bád ag tois ar bhealach dó féin.  Thagadh sé ó gach bád acu go dtí bád Mhac Uí Allmhúráin.  Chonaic Ó Allmhúráin é agus chuaigh sé a chású a dhórainne leis, go raibh a bhád féin millte.  “Cén chaint sin atá ort!” arsa fear Uladh, “ní bheidh goir ar bith acu ar do bhád!”


“Nach trua sin,” arsa Ó Allmhúráin, “ní íosfadh gadhar greim de cheachtar den bheirt saortha sin leis an droch-bhail atá curtha agamsa orthu.  Chreid mé gur ag milleadh a bhíodar.”


Críochnaigheadh agus sáthadh na báid.  Gléasadh amach chun seoil iad agus chun geill le chéile.  Bhí bád Ó Allmhúráin ar an mbád deiridh.  An chéad tsaor, an saor ba sine den bheirt, an saor a mhúin an saor eile, Máirtín Ó Laidhe as Muighinis dúirt sé: “Fágaí fúmsa balasta a shocrú inti” agus tiúrfa mé mo bhád féin, an bád seoil is fearr i gCuan na Gaillimhe de mhalairt uirthi, mara ndéana sí níos fearr.


Fuair sé socrú an bhalasta agus shocraigh.  Chuaidh na hocht mbáid chun seoil aríst.  Leis an mbualadh a thug sí orthu agus ar casadh eile uirthi de bháid, thug sé a shloinneadh féin d’ainm uirthi.  Níor corraigheadh a balasta ariamh.  A báthadh a tharla dhi do réir mar a chuala mé.