3.7.09

An Cogadh 1. (Mí na Nollag 1917)

Is iomaí socrú a bhí ar an gcogadh seo trí bliana agus ráithe ó shin ag daoine aineolacha a cheap gur lucht feasa a bhí iontu féin. B'áil leis an Sasanach críoch a chur leis ar a bhealach féin agus is iomaí targaireacht a rinne a cheannphort agus a uachtaráin don deireadh a bheadh leis, ach ní go leor acu a tháinig isteach. Shíl cuid acu nach seasfadh sé thar ráithe agus thug tuilleadh acu bliain dó. Bhí fhios ag an gcuid ba mheabhraí de na Sasanaigh féin go seasfadh sé achar is faide ná sin ach d'abraídís go raibh an Gearmáineach i ngreim i dteanachair ag a náimhde agus nach bhfaigheadh sé marú fáiscthe. Chuaigh an teanachair as ordú ó shin agus tá a leath briste agus tá an leath eile stromptha agus baol anois ar an iomlán go dtuitfidh sé ó chéile. Ach tá an Gearmáineach ar a chosa fós, agus níl aon chosúlacht air go bhfuil sé cloíte. Adeireadh tuilleadh den lucht feasa go ndéanfadh an Gearmáineach troid thréan go maith ar feadh tamaill gheairr ach nach raibh aige ach rith searraigh, go mbeadh a chuid fear ídithe gan aon achar agus go gcaithfeadh sé géilleadh.