Nuair a bhínnse i gConamara fad ó, ag éarmaíocht i bhfogas urchar méaróige (bhí urchar cothrom méaróige agam) do Léim Mháirtín ‘ac Eoin, is iad na trí báid mhóra a ndéantaí comórtas leo an tÓ Conaill, an tÓ Allmhúráin agus Bád a’ Chathasaigh. Saor as ceantar Cheann Gólaim, san áit a raibh scoth na saortha, scoth na bhfear agus plúr na mban, a rinne an tÓ Conaill, do réir mar is cuimhneach liom. Tá fios a ainme agus a shloinneadh ar iarraidh orm anois. Má bhí sí chó maith lena cáil, bhí sí go maith agus thar cionn. Bhí sí scathamh den tsaol ag Brian Ó Laidhe a chónaigh trath in aice le Caladh Ghábháin, Cuan na hÁirde.
I nGaillimh d’fhear de mhuintir Allmhúráin a rinneadh an tÓ Allmhúráin. Bhí ocht mbáid mhóra dhá ndéanamh le taobh a chéile ann agus bhí sise cho gar don teach a raibh Colm Ó Uaithnín ina dhiaidh sin, gur ar éigin ab fhéidir an craiceann a dhaingniú uirthi.
Ní raibh aon eolas ag Ó Allmhúráin ar dhéanamh bád cé go raibh longa agus báid aige, agus thosaigh saortha na mbád eile ag séideadh faoi go raibh a bhád le bheith millte. Splanc sé agus thosaigh sé ag iththe is ag gearradh ar a bheirt saortha féin. Chuaigh sé cho fada sin gur fhága fear acu é, an fear ba sine. An saor eile bhí a fhios aige go mbeadh an bád thar cionn agus d’fhéach sé leis an gcéad-shaor a thabhairt ar ais lena críochnú. Thug Ó Allmhúráin faoin bhfear óg agus thug sé eipinne ar é a strachailt anuas de stafall. Bhí tál breá géar ariamh aige siúd agus, cé nach raibh teanga ina bhéal bhí gníomh gearradh sa tál. Toiseadh an tál le Ó Allmhúráin agus creidim gur mhol sé dhó féin éirí as an strachailt.
Go luath ina dhiaidh sin, bhí fear as an taobh ó thuaidh d’Éirinn, ag dul an bealach agus chuaigh sé ag dearcadh na mbád. Theigheadh sé go dtí gach bád ag tois ar bhealach dó féin. Thagadh sé ó gach bád acu go dtí bád Mhac Uí Allmhúráin. Chonaic Ó Allmhúráin é agus chuaigh sé a chású a dhórainne leis, go raibh a bhád féin millte. “Cén chaint sin atá ort!” arsa fear Uladh, “ní bheidh goir ar bith acu ar do bhád!”
“Nach trua sin,” arsa Ó Allmhúráin, “ní íosfadh gadhar greim de cheachtar den bheirt saortha sin leis an droch-bhail atá curtha agamsa orthu. Chreid mé gur ag milleadh a bhíodar.”
Críochnaigheadh agus sáthadh na báid. Gléasadh amach chun seoil iad agus chun geill le chéile. Bhí bád Ó Allmhúráin ar an mbád deiridh. An chéad tsaor, an saor ba sine den bheirt, an saor a mhúin an saor eile, Máirtín Ó Laidhe as Muighinis dúirt sé: “Fágaí fúmsa balasta a shocrú inti” agus tiúrfa mé mo bhád féin, an bád seoil is fearr i gCuan na Gaillimhe de mhalairt uirthi, mara ndéana sí níos fearr.
Fuair sé socrú an bhalasta agus shocraigh. Chuaidh na hocht mbáid chun seoil aríst. Leis an mbualadh a thug sí orthu agus ar casadh eile uirthi de bháid, thug sé a shloinneadh féin d’ainm uirthi. Níor corraigheadh a balasta ariamh. A báthadh a tharla dhi do réir mar a chuala mé.
No comments:
Post a Comment