Mharbhuigheadh Tadhg caora dhóibh gach lá a chaitheadar ar an oileán & thug sé giollacht mhaith thairis sin dóibh. Ní raibh aon im acu agus saghas eile a dtugaidís buidheach air a rinneadar féin i leabaidh ime.
Casadh Tadhg arís i mBéal an Átha. Tháinig sé ag geata Chaisleáin Uí Luirc agus chuir sé sgéal isteach go raibh sé ann. Bhí daoine uaisle ar dinnéar istigh. Níor chuimhnigh Ó Luirc go raibh aon aithne aige air. Chuir Tadhg an cheathramha seo chuige isteach:-
"Is maith gach duine ina thír féin,
I bhfad ón ngréin is maith é an buidheach,
Os an Muaidh is maith Ó Luirc,
Agus i n-Innis Tuirc is maith Tadhg."
Thug Ó Luirc isteach é agus bhí fleadh agus féasta aige go maidin dó.
(B'fhéidir gur de gheir agus de chnothanna &rl. a ghnídís é)
ReplyDelete